Teanga gan tearmann í an Ghaeilge atá faoi ionsaí ag fórsaí idirnáisiúnta agus abhus in Éirinn fosta, a deir an t-iriseoir Ciarán Dunbar

Tá an aois inár chaith mé bunús mo shaoilse thart. Má bhí aon amhras ann go bhfuil an saol Iar-Chogaidh Fhuair (1991-2025) thart, chuir Leas-Uachtarán SAM, JD Vance, deireadh leis lena óráid in Minga na Baváire an tseachtain seo caite.
Tá gach rud á athrú anois – réabhlóid atá ann, éirí amach na heite deise. Ní fios go díreach cad a bheas ann mar dhomhan amach anseo ach is eol dúinn go mbeadh sé an-difriúil leis an saol mar a bhíodh.

Mar sin féin, seans go bhfuil sé inbreathnaitheach féin-mhachnamhach alt a scríobh ar an nGaeilge, ach beidh tionchar ag an bpolaitíocht seo orainn go léir.

Ar dtús, bhí dhá scéal mhóra ann i saol na teanga le seachtain anuas arbh fhiú a mheas.

Ar an gcéad dul síos, Foras na Gaeilge agus an “bhearna mhór” sa bhuiséad. Dar leis an bhForas, níor mhór don eagraíocht ciorruithe móra a chur i bhfeidhm dá bharr.

Bheinn ag súil gur féidir an dochar seo a mhaolú ar bhealach éigin ach léiríonn an ghéarchéim seo an easpa forbartha a rinneadh ar an bhForas agus ar mhaoiniú na Gaeilge le blianta beaga anuas, d’ainneoin shaibhreas na tíre, agus an baol polaitiúil a bheidh ann don teanga amach anseo.

Tá saol na Gaeilge ag brath i bhfad barraíochta ar airgead an Fhorais – ba chóir go mbeadh an chontúirt soiléir.

In am ar bith, tá muid díreach toghchán amháin ar shiúl ó bheith fágtha gan faic ann ó thaobh na Gaeilge de.

Tá gach cuma ar an scéal nach mbeidh dea-thionchar ag réabhlóid Trump ar gheilleagar Phoblacht na hÉireann – ciallaíonn sé sin Bord Snip III. Agus bí cinnte dearfa go dtógfaidh an Bord sin amas ar an teanga, ní ar chúiseanna ‘nua-liobrálacha’, ach cultúrtha.

Agus nár léirigh Stoirm Éowyn agus an easpa aibhléise/idirlín mar thoradh air gur botún mór é a bheith ag bráth ar fhoinsí is ar acmhainní ar líne, cuir i gcás? Dá gcuirfí deireadh le maoiniú na foclóireachta – cé agaibh a bhfuil foclóir clóite agaibh?

Is é an dara cás ná diúltú CBS Shráid Synge i mBaile Átha Cliath tiontú ina Ghaelscoil. Dúradh go raibh 91% de mhúinteoirí na scoile in aghaidh an phlean.